Producing Open Online Learning Systems 3

Methods logo

Is tionscadal é Pools-3 a bhaineann leas as meáin shoisialta, cuirimid fáilte roimh mholtaí agus aischothú :
Facebook Facebook, Twitter Twitter, and our Blog Blog

Cláraigh anseo chun nuachtlitreacha agus an nuacht is deireanaí faoin tionscadal a fháil

Intreoir Ghinearálta

Pools-3 (Producing Open Online Learning Systems -3) tar éis deontas a fháil ón AE don tréimhse 2013-2015. Tá POOLS-3 á chomhordú ag Sabhal Mòr Ostaig (SMO), tagann na foirne ón Bheilg, ón Chatalóin, ó Phoblacht na Seice, ón Danmhairg, ó Thuaisceart Éireann agus ó Albain. Roghnaíodh EfVET, eagraíocht a bhfuil rochtain aici ar na mílte coláiste gairmoideachais ar fud na hEorpa mar chomhpháirtí scaipthe eolais.
Is tionscadal Aistriú Nuálaíochta Pools-3 a bhainfidh leas as na tionscadail Pools agus Pools-2, a d’fhorbair ábhair le haghaidh teagasc agus foghlaim teangacha chomh maith le cúrsaí traenála do mhúinteoirí. Aistreoidh Pools-3 torthaí Pools agus Pools-2 chuig trí theanga nua: An Chatalóinis, an tSeicis agus an Ghaeilge.
Is iad múinteoirí Theangacha Neamhfhorleathana i gceardcholáistí spriocghrúpa POOLS-3. Mar gheall ar an rogha teoranta áiseanna TFC do na teangacha seo caithfidh na múinteoirí áiseanna a chruthú iad féin má tá siad ag iarraidh tairbhe a bhaint as buntáistí iomadúla na ríomhfhoghlama.

Seo thíos na torthaí deiridh:

1. Linnte d’áiseanna cóipchlé Copyleft symbolle húsáid i gcúrsaí in-seirbhíse do mhúinteoirí agus sa teagasc.
2. Modúil shólúbtha cumas-bhunaithe ar (i) mhodheolaíochtaí TFC agus (ii) forbairt áiseanna teagaisc a bhaineann leas as TFC le haghaidh cúrsaí do mhúinteoirí.
3. DVD le treoracha céim ar chéim agus eiseamláirí faoin dóigh le háiseanna ilmheáin ar-líne a chruthú.
4. Lámhleabhar cúrsa (comhad pdf in-íoslódáilte) le cur síos ar mhodheolaíochtaí agus ábhair le haghaidh ríomhtheagasc teangacha.

Ar ais go barr an leathanaigh

Cúlra an tionscadail

PhyEmoC practice

Teastaíonnn forbairt ar úsáid uirlisí agus teicníochtaí CALL sna teangacha neamhfhorleathana, go háirithe san earnáil VET. Féachfaidh POOLS-3 leis an bhearna seo a dhruidim sna teangacha ainmnithe nua, trí linnte d’ábhar ar-líne a chruthú ar féidir a úsáid san fhoghlaim nó sa teagasc, ag baint leasa as uirlíslí agus teicníochtaí nua ríomhfhoghlama agus ag cuidiú le múinteoirí TFC a úsáid sna ranganna s’acu. (“Sa mheánoideachas uachtarach sa chuid is mó de thíortha tá difear suntasach idir an céatadán de dhaltaí atá ag foghlaim dhá theanga iasachta nó níos mó san oideachas ginearálta (59.4 %) i gcomparáid leis an ghairmoideachas nó leis an oideachas réamhghairme (39.4 %)” (Foinse: Key Data on Teaching Languages at School in Europe 2012, Eurydice, p2.)

Tugann an tionscadal go áirithe faoi mholtaí 2 agus 5 den tuarascail Languages for Jobs, trí mhodhanna nua le teangacha a theagasc agus foghlaimeoirí a spreagadh le teangacha a choinneáil ina gclár staidéir a chur chun cinn (2) agus trí shainmhodúil traenála teanga agus modheolaíochtaí a fhorbairt do mhúinteoirí agus traenálaithe san earnáil VET (5).

Sa Ríocht Aontaithe beidh an tionscadal in ann dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin atá leagtha amach sa dá thurascáil Athbhreithniú ar an Ghaeloideachas (2008) agus Teangacha don Todhchaí (2012) trí thacú le múinteoirí i bhforbairt agus comhroinnt áiseanna CALL agus trí ghlacadh le hoideolaíocht éifeachtach foghlama agus teagaisc do theangacha, go háirithe Foghlaim Thascbhunaithe agus Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha. Cuideoidh an rath a bhí ar Pools go dtí seo le páirtithe leasmhara iontaoibh a bheith acu as an tionscadal agus leagfaidh sé bealach amach a léireoidh go soiléir an dóigh gur féidir aidhmeanna leathana trasnáisiúnta POOLS 3 a nascadh le sainspriocanna réigiúnacha agus náisiúnta i dtaca le teagasc agus foghlaim teangacha ag réimse leibhéal.

Nocht suirbhé 2005 Uteacher na riachtanais seo don tSeicis “Níor éirigh le tromlach na múinteoirí a úsáideann ríomhairí sa seomra ranga an dearcadh atá acu ar úsáid ríomhairí mar uirlis éifeachtach teagaisc a athrú go fóill…Tugann bunoiliúint múinteora eolas faoi na huirlísí TFC srl. atá ann cheana féin, ach ní thugann sí treoir ar bith faoi mhodheolaíochta nua ríomhfhoghlama”.

Léiríonn staitisticí daonáirimh an géarghá atá le tacaíocht do chainteoirí Catalóinise mar dhara teanga, inimircigh chun an réigiúin ó pháirteanna eile den Spáinn nó ó áiteanna eile (is cainteoirí Catalóinise iad 31% de mhic léinn VET). Léiríonn daonáireamh 2011 ardú sna cainteoirí ach mheas an anailís a rinne Centre d'Estudis Catalans i 2012 go bhfuil timpeallacht na scoile “ríthábhachtach nuair atá cainteoirí nua á ndéanamh taobh amuigh den teaghlach.”

Ar ais go barr an leathanaigh

Lámhleabhair agus treoracha Pools-3

Intreoir do CALL

Is é atá sa lámhleabhar Intreoir do CALL ná treoirleabhar ar féidir a úsáid le linn agus i ndiaidh na gcúrsaí ar mhodheolaíocht agus cruthú ábhar.


ÍCourse Book

Íoslódáil Bunchúrsa CALL mar pdf sna teangacha a leanas:

Íoslódáil Bunchúrsa CALL i bhformáid .epub (ríomhleabhar do iPadanna agus táibléid) sna teangacha a leanas:

Ar ais go barr an leathanaigh

Catalóg na nAonad Cúrsa

Clúdaíonn an leabhar seo na haonaid ar fad a ofrálann na foirne traenála le treoracha faoin dóigh leis na cúrsaí a reáchtáil (cúrsaí inseirbhíse, cúrsaí ar-líne amháin nó cúrsaí cumaisc).

Course catalogue

Íoslódáil Catalóg na nAonad Cúrsa mar cháipéis .pdf sna teangacha a leanas:

Íoslódáil Catalóg na nAonad Cúrsa i bhformáid .epub (ríomhleabhar do iPadanna agus táibléid) sna teangacha a leanas:

Foirm mheastóireachta cúrsa

Ar ais go barr an leathanaigh

áiseanna le haghaidh cúrsaí

Feidhmeanna NUA i gClilstore: Is féidir leat comhaid cosúil le cleachtaí Hot Potatoes nó cáipéisí Word a uaslódáil díreach i gClilstore. Inseoidh na treoracha seo duit an tslí le sin a dhéanamh: Comhaid a Uaslódáil agus a Nascadh

(1) Teimpléad athbhreithnithe le haghaidh na n-ábhar samplach (Lá 1)
(2) Teimpléad le haghaidh plean ceachta
(3) Teimpléad athbhreithnithe don cheacht
(4) Treoirleabhar cúrsa le haghaidh Lá 2

Físeáin ó chúrsa piolótach

Tugann Kent Andersen intreoir chuimsitheach do: Clilstore, Wordlink, Multidict, agus Cuardaigh Idirlín:

 

Déanann Gordon Wells cuir i láthair ar: Cruthú Bunábhar Closamhairc

Ar ais go barr an leathanaigh

Comhaid fuaime agus físe Pools-3

Cruthóidh foirne éagsúla an tionscadail comhaid físe agus fuaime le haghaidh teagasc agus foghlaim teangacha. Clúdaíonn na taifeadtaí seo gnéithe éagsúla de shaol, chultúr agus oideachas á dtíortha.

Beidh tras-scríbhinn agus aistriúchán Béarla ag dul le gach taifeadadh chomh maith le nótaí cultúrtha agus teanga a chuideoidh le húsáideoirí. Déanfar gach taifeadadh a ghrádú de réir léibhéil Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, léibhéil a léireoidh an cumas an bheidh de dhíth ó úsáideoir chun tairbhe a bhaint as an ábhar (le tacaíocht ó fhoclóirí ar-líne).

Físeáin Chatalóinise


Ceann de na físeáin Chatalóinise

Ar ais go barr an leathanaigh

Físeáin Sheicise

 
Ceann de na físeáin Sheicise

Ar ais go barr an leathanaigh

Físeáin Ghaeilge


Ceann de na físeáin Ghaeilge

Ar ais go barr an leathanaigh

Físeáin Eile

Le linn an dara cruinnithe tionscadail d’ullmhaigh na foirne trí fhíseán, bunaíodh aonad Clilstore ar phéire díobh seo mar a bhfuil gach focal nasctha le foclóirí ar-líne, tabhair spleáchadh ar:

 

Ar ais go barr an leathanaigh

Físeáin Déan Féin É Pools-3

Cruthófar físeáin DFÉ Pools-3 i gcroítheangacha an tionscadail. Clúdóidh na físeáin an dóigh le háiseanna foghlama ar-líne a chruthú.

 

Ar ais go barr an leathanaigh

Ábhair le haghaidh teagasc teangacha

Ábhair do ranganna a bhaineann leas as an ríomhfhoghlaim m.sh. ceachtanna ar-líne agus tóraíochtaí gréasáin.

Roinnt Samplaí:

Foghlaim Gaeilge:
Aonaid a bhfuil físeáin agus téacs iontu atá nasctha focal ar fhocal le breis agus céad teanga agus cleachtaí teanga cosúil le: ceachtanna iomlánaithe, abairtí measctha, crosfhocail agus tuilleadh: Téigh chuig https://clilstore.eu/clilstore/?sl=ga as liosta na dteangacha agus foghlaim Gaeilge trí leas a bhaint as na haonaid Ghaeilge a bhfuil níos mó ná céad acu ann.


Foghlaim Catalóinis:
Aonaid a bhfuil físeáin agus téacs iontu atá nasctha focal ar fhocal le breis agus céad teanga agus cleachtaí teanga cosúil le: ceachtanna iomlánaithe, abairtí measctha, crosfhocail agus tuilleadh: Téigh chuig https://clilstore.eu/clilstore/?sl=ca as liosta na dteangacha agus foghlaim Catalóinis trí leas a bhaint as na haonaid a d’ullmhaigh rannpháirtithe i gcúrsaí traenála pools-3 i mBarcelona.
Roinnt tóraíochtaí idirlín i gCatalóinis:

Foghlaim Seicis:
Aonaid a bhfuil físeáin agus téacs iontu atá nasctha focal ar fhocal le breis agus céad teanga agus cleachtaí teanga cosúil le ceachtanna iomlánaithe, abairtí measctha, crosfhocail agus tuilleadh: Téigh chuig https://clilstore.eu/clilstore/?sl=cs as liosta na dteangacha agus foghlaim Seicis trí leas a bhaint as na haonaid a d’ullmhaigh rannpháirtithe i gcúrsaí traenála pools-3 i mBrno.

Ar ais go barr an leathanaigh

Bróisiúr agus cáipéisí scaipthe eolais Pools-3

Tá bróisiúr an tionscadail ar fáil sna teangacha seo thíos:

Cáipéisí eile scaipthe eolais

Ar ais go barr an leathanaigh

An nuacht is déanaí ó Pools-3

Facebook Facebook, Twitter Twitter, and our Blog Blog

Téigh chuig na nuachtlitreacha

Meitheamh 2015

Tá foireann na Catalóinise tar éis 16 aonad nua a chruthú le haghaidh foghlaimeoirí Catalóinise. Téigh chuig https://clilstore.eu/clilstore/, roghnaigh "Catalá (ca)" as liosta na dteangacha agus foghlaim Catalóinis trí leas a bhaint as na haonaid a d’ullmhaigh rannpháirtithe i gcúrsaí traenála pools-3 i mBarcelona.

Ar ais go barr an leathanaigh


Bealtaine 2015

Tá na foirne gnóthach ag reáchtáil cúrsaí agus ag forbairt ábhair le haghaidh foghlaim ríomhchuidithe teangacha. Bain triail as roinnt de na tóraíochtaí idirlín nua le haghaidh foghlaim na Catalóinise.

Bhí cruinniú tairbheach ag na foirne i mBarcelona. Léigh na miontuairiscí anseo: MiontuairiscíPOOLS3-Barcelona2015

Ar ais go barr an leathanaigh


Aibreán 2015

Tháinig na foirne le chéile i mBarcelona agus bhí cruinniú tairbheach acu. Íoslódáil miontuairiscí an cheathrú ceardlann

Tiocfaidh na foirne le chéile i mBarcelona don cheathrú ceardlann. Íoslódáil clár an chruinnithe.
Ar ais chuig an Bharr

Ar ais go barr an leathanaigh


Márta 2015

Is féidir nuachtlitir uimhir 45 a íoslódáil anois. Eiseofar an chéad nuachtlitir eile i Mí Mheithimh. Tá fáilte romhat ailt agus grianghraif a bhaineann leis na tionscadail s’agat féin nó le do chuid teagaisc sheoladh isteach. Íoslódáil nuachtlitir uimhir 45

Ar ais go barr an leathanaigh


Feabhra 2015

Tá cúrsaí traenála Pools-3 do mhúinteoirí creidiúnaithe anois ag an Roinn Oideachais, Óige agus Spóirt i bPoblacht na Seice. Íoslódáil an cháipéis

Ar ais go barr an leathanaigh

Eanáir 2015

Tá freastalaí multidict.net  ag feidhmiú arís i ndiaidh dó a bheith as líne ar feadh deireadh seachtaine. Laghdaímis ár n-astúcháin C02 chun doineann na hAlban a mhaolú amach anseo.

Tá freastalaí Multidict agus Clilstore tar éis a bheith as líne ó 9 Eanáir mar gheall ar dhoineann in Albain. Tá súil againn go n-athbhunófar an ceangal leictreachais a luaithe agus is féidir. Tástáil https://clilstore.eu

Ar ais go barr an leathanaigh

Nollaig 2014

Tá na foirne tar éis tosú ar chúrsaí píolótacha a reáchtáil. Chun oiriúnacht an ábhair a forbraíodh a thástáil úsáidimid tacar foirmeacha luachála.

Ar ais go barr an leathanaigh

Samhain 2014

Tá tionscadal gaolmhar darbh ainm Clil4U tar éis cúig chás samplach (a bhfuil ábhair atá réidh le húsáid ag dul leo) a ullmhú le aghaidh coláistí oiliúna, ach d’fhéadfaí iad a úsáid i gcomhthéacsanna eile oideachasúla:

Ar ais go barr an leathanaigh

Deireadh Fómhair 2014

Tá 20 físeán cruthaithe ag an chomhpháirtí Éireannach a úsáidfear sna cúrsaí oiliúna atá le reáchtáil i mBliain 2: Téigh chuig na físeáin Ghaeilge

Tá 20 físeán ullmhaithe ag an chomhpháirtí Catalónach Stucom a úsáidfear sna cúrsaí oiliúna atá le reáchtáil i mBliain 2: Téigh chuig na físeáin Chatalóinise.

Tá 20 físeán ullmhaithe ag an chomhpháirtí Seiceach a úsáidfear sna cúrsaí oiliúna atá le reáchtáil i mBliain 2 Téigh chuig na físeáin Sheiceachao

Tionscadail Ghaolmhara: Molann Pools-3 d’ár n-úsáideoirí go léir an tionscadal VideoforALL a leanúint, féach: https://www.languages.dk/cooperations.html#VideoforALL (leideanna agus moltaí faoin tslí le físeáin a dhéanamh le haghaidh teagasc agus foglaim teangacha. Íoslódáil an cur i láthair.

Ar ais go barr an leathanaigh

Meán Fómhair 2014

Bhí ceardlann an-tairbheach ag foirne an tionscadail i mBrno. Léigh miontuariscí an chruinnithe anseo

Feidhmeanna NUA i gClilstore: Is féidir leat comhaid cosúil le cleachtaí Hot Potatoes nó cáipéisí Word a uaslódáil díreach i gClilstore. Inseoidh na treoracha seo duit an tslí le sin a dhéanamh: Comhaid a Uaslódáil agus a Nascadh

Le linn an 3ú ceardlann rinneadh na cuir i láthair a leanas:

Le linn na ceardlainne i mBrno d’fhorbair na foirne an creatlach le haghaidh na gcúrsaí traenála atá le teacht:

(1) Teimpléad athbhreithnithe le haghaidh na n-ábhar samplach (Lá 1)
(2) Teimpléad le haghaidh plean ceachta
(3) Teimpléad athbhreithnithe don cheacht
(4) Treoirleabhar cúrsa le haghaidh Lá 2

Tháinig na foirne le chéile i mBrno agus chruthaigh siad roinnt cleachtaí ar-líne:

Foghlaim Gaeilge trí sheicheamh físeán a bhfuil teipscripteanna ag dul leo ina bhfuil gach focal nasctha le foclóirí ar-líne a fhreastalaíonn ar níos mó ná céad teanga; cleachtaí ar nós ceachtanna iomlánaithe, abairtí measctha, crosfhocail agus tuilleadh: https://clilstore.eu/cs/2248

Foghlaim Catalóinis trí sheicheamh físeán a bhfuil teipscripteanna ag dul leo ina bhfuil gach focal nasctha le foclóirí ar-líne a fhreastalaíonn ar níos mó ná céad teanga; cleachtaí ar nós ceachtanna iomlánaithe, abairtí measctha, crosfhocail agus tuilleadh: https://clilstore.eu/cs/2247

Foghlaim Seicis trí sheicheamh físeán a bhfuil teipscripteanna ag dul leo ina bhfuil gach focal nasctha le foclóirí ar-líne a fhreastalaíonn ar níos mó ná céad teanga; cleachtaí ar nós ceachtanna iomlánaithe, abairtí measctha, crosfhocail agus tuilleadh: https://clilstore.eu/cs/2246

Rinneadh uasdhátú ar an cháipéis Catalóg na nAonad Cúrsa agus tá sí ar fáil anois i bhformáid .pdf agus .epub (ríomhleabhar do iPadanna agus táibléid). Íoslódáil Catalóg na nAonad Cúrsa i bhformáid .epub (ríomhleabhar do iPadanna agus táibléid) sna teangacha a leanas: Catalóinis, Seicis, Béarla agus Gaeilge.

Rinneadh uasdhátú ar an cháipéis Bunchúrsa CALL agus tá sí ar fáil anois i bhformáid .pdf agus .epub (ríomhleabhar do iPadanna agus táibléid). Íoslódáil Bunchúrsa CALL i bhformáid .epub sna teangacha a leanas: Catalóinis, Seicis, Béarla agus Gaeilge.

Ar ais go barr an leathanaigh

Lúnasa 2014

Tá na foirne ag ullmhú don cheardlann i mBrno i mí Mheán Fómhair: Léigh an clár anseo.

Eurocall presentation
Ábhair Tools, Pools-3, Methods agus Clil4U ar taispeáint le linn Eurocall 2014 in Groningen.

Ar ais go barr an leathanaigh

July 2014

Tá na foirne réidh leis an uasdhátú ar chatalóg na n-aonad cúrsa agus bunchúrsa CALL:

Íoslódáil Bunchúrsa CALL sna teangacha a leanas:

Íoslódáil Catalóg na nAonad Cúrsa sna teangacha a leanas:

Ar ais go barr an leathanaigh

Meitheamh 2014

Féach ar dhá fhíseán ón dara ceardlann ina dhéanann Gordon Wells cuir i láthair ar: Cruthú Bunábhar Closamhairc

Tugann Kent Andersen intreoir chuimsitheach do: Clilstore, Wordlink, Multidict, agus Cuardaigh Idirlín: https://languages.dk/pools-3/index.html#Course_materials

Ar ais go barr an leathanaigh

Aibreán 2014


Bhí ceardlann an-tairbheach ag foirne an tionscadail i mBarcelona. Léigh:

Le linn na dara ceardlainne d’ullmhaigh na foirne trí fhíseán. Rinneadh aonaid Clilstore as dhá cheann díobh, mar sin de, ullmhaíodh trascríbhinní ina bhfuil na focail ar fad nasctha le foclóirí ar-líne, bain triail as:

Bhuail comhpháirtithe Pools3 le chéile i mBarcelona don dara ceardlann. Rinneadh na toirbhirtí seo thíos le linn na ceardlainne:

Ar ais go barr an leathanaigh

Márta 2014


Íoslódáil nuachtlitir an tionscadail, uimhir 41 Cliceáil anseo

Ar ais go barr an leathanaigh


Feabhra 2014


Tá na foirne ag ullmhú don dara ceardlann, a bheidh ar siúl i mBarcelona Léigh an clár anseo.

Ar ais go barr an leathanaigh


Eanáir 2014


Tá foireann na Catalóine díreach tar éis físeán Déan Féin É a dhéanamh do mhúinteoirí a bhfuil guthú Catalóinise ag dul leis. Taispeánann an físeán an dóigh le háiseanna ar-líne a dhéanamh ina bhfuil na focail ar fad nasctha le foclóirí i níos mó ná céad teanga. Amharc ar an fhíseán


Nollaig 2013

Tá foirne an aistrithe nuálaíochta ag obair ar fhíseáin Déan Féin É a chuirfear ar fáil ar-líne agus ina bhfuil guthú déanta i dteangacha an tionscadail; amharc ar na físeáin sna teangacha éagsúla:

Ar ais go barr an leathanaigh

Samhain 2013

Le linn cheardlann tionscnaimh an tionscadail chinn na comhpháirtithe ar ardáin éagsúla scaipthe eolais, tá siad seo anois nasctha leis an suíomh idirlín: Facebook Facebook, Twitter Twitter, and our Blog Blog

Ar ais go barr an leathanaigh

Deireadh Fómhair 2013

Bhí ceardlann tionscnaimh rathúil ag an tionscadal, cruthaíodh na chéad taifeadtaí físe agus fuaime ann chomh maith le toirbhirtí PowerPoint. Íoslódáil na toirbhirtí ó: https://www.languages.dk/archive.html#workshopspools3

Cruthófar físeáin DFÉ Pools-3 i dtrí chroítheanga an tionscadail. Clúdaíonn na físeáin an dóigh le háiseanna foghlama ar-líne a chruthú. Féach ar an chéad sraith d’fhíseáin fhotheidealaithe sna teangacha seo thíos:

Tá na foirne ag ullmhú cheardlann tionscnaimh an tionscadail sa Bhruiséil ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Íoslódáil clár an chruinnithe anseo.

Tá bróisiúr an tionscadail ar fáil anois i mBéarla, i gCatalóinis, i Seicis, i nGaeilge, agus i nDanmhargais

Tá an tréimhse chomh-mhaoinithe tosaithe agus cuireadh an chéad bheart d’ábhair atá le cur in oiriúint agus le plé roimh an cheardlann tionscnaimh níos deireanaí an mhí seo chun na foirne.

Ar ais go barr an leathanaigh

Nuachtlitreacha an tionscadail

Clúdaíonn na nuachtlitreacha thíos an tréimhse ón chéad tionscnamh ar a raibh Pools bunaithe, BP-BLTM, go dtí an lá inniu. I ndiaidh na tréimhse maoinithe leanfar ar aghaidh leis na Nuachtlitreacha (mar a bhí amhlaidh ó BP-BLTM i 2004 :-)

Ar ais go barr an leathanaigh

 

Last edit: January 19, 2023

 

 

This project has been funded with support from the European Commission. This publication [communication] reflects the views only of the author, and the Commission cannot be held responsible for any use which may be made of the information contained therein.

Statistics

Ongoing statistics